Ráiteas an Bhainisteora 2004

Printer-friendly versionPrinter-friendly versionSend by emailSend by emailPDF versionPDF version

Michael Malone, Bainisteoir Contae

Michael Malone
Bainisteoir Contae

 

Is cúis áthais domsa bheith bainteach le cur i láthair Tuarascáil Bhliantúil Chomhairle Contae agus Bhardas Buirge Chill Chainnigh don bhliain 2004.

Rinneadh dul chun cinn an bhliain seo ar fud an Chontae i dtionscadail bhonneagair éagsúla a bhain le gach seirbhís a bhfuil cur síos déanta uirthi sa tuarascáil seo lena n-áirítear bóithre, uisce, séarachas, tithíocht agus imshaol. Cuid de na tionscadail sin tá siad liostáilte anseo thíos:-

  • Nascbhóthar Ceantar Oirthearach Chathair Chill Chainnigh.

  • M8/N8 Ordú Mótarbhealaigh Bhaile Mhic Cullach/Caiseal - OCE deimhnithe ag an mBord Pleanála.

  • N9/N10 Cill Chuillinn/Port Láirge - doiciméad OCE á ullmhú.

  • N77 Leathnú Chuarbhóthar Chill Cainnigh - Tairiscintí le haghaidh obair tógála faighte i mí na Nollag 2004.

  • Planda Cóiriú Fuíoll Uisce Bhéal Átha Ragad - Obair ar an bplanda nua atá in acmhainn freastal do dhaonra de 2000 p.e. tugtha chun críche.

  • Planda Cóiriú Fuíoll Uisce Challainn - Obair uasghrádaithe tugtha chun críche i 2004, an planda le bheith coimisiúnaithe i lár 2005.

  • Bliain an-rathúla ba ea an bhliain 2004 ó thaobh chlár athchúrsála Chomhairle Contae Chill Chainnigh. Ag deireadh na bliana 2004 bhí 44 shuíomh "tabhair leat" suiteáilte.

  • Glacadh le Pleananna Limistéir le haghaidh Bhaile Héil, Chnoc an Tóchair, Bhéal Átha Ragad, Inis Tíog, Áth na nUrlainn agus Cheantar Iarthararach Chathair Chill Chainnigh.

  • An chéad 6 theach cónaithe faoi Chuid V den Straitéis Tithíochta curtha ar fáil ag Mallfield Baile Mhic Andáin.

  • Tugadh chun críche agus dáileadh 37 dteach nua ag Áth na nUrlainn (10), Inis Tíog (8), Baile an Phoill (7), Cloch an Bhródaigh, Baile Mhic Andáin(3) agus Gráig na Manach (9).

  • Cuireadh tús le hobair tógála ar 66 Theach faoin gClár Tógála agus Tithíochta i 2004.

  • Soláthar d'áiteanna súgartha i gcúig Thoghcheantar - próiseas pleanála curtha chun tosaigh.

  • Plean Bainistíochta Bruscair lainseáilte i mí na Feabhra 2004.

  • Plean Corparáideach 2004 - 2009 rite tar éis sraith chruinnithe comhairliúcháin le foireann, le baill agus leis an mbainistíocht.

  • Plean Oibriúcháin Bliantúil le leagan síos go luath i 2005.

 

Cuirfear chun tosaigh Limistéar Belview ar bhonn leanúnach mar láithreán tábhachtach do Thionscal Straitéiseach i Réigiún an Oir-Dheiscirt agus maidir leis sin fáiltímid leis an gcomhoibriú leanúnach le Cuideachta Chaladhphort Phort Láirge.

Fáiltítear roimhe go bhfuil earnáil na turasóireachta ag obair i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla ar bhonn leanúnach ar ullmhúchán straitéise fadtéarmaí le haghaidh na turasóireachta sa Chontae.

Is ar chéim sárfhorbartha atá an obair maidir le bunú Fóram Oidhreachta.

A Draft Arts Strategy is being prepared for presentation in 2005.

 

Is mór an dul chun cinn atá á dhéanamh sa réimse Seirbhís Chustaiméara.

  • Tá beirt buanfhostaithe anois chun freastail ar an Deasc Sheirbhís Chustaiméara i Halla an Chontae.

  • Tá an Roinn Fáltais oscailte anois ag am lóin.

  • Beidh cleachtas na hoscailte le linn am lóin á thabhairt isteach ar fud Halla an Chontae i 2005.

  • Mótarcháin Ar Líne.

  • Áis Fiosrú Pleanála ar líne.

  • Clár maidir le plean caomhnú tithíocht.

  • Nós imeachta maidir le gearáin custaiméirí.

  • Athbhreithniú déanta ar Phlean Gnímh Custaiméara agus ar Chairt Chustaiméara.

  • Rinneadh dul chun cinn i 2004 ar phróiseas atá ann i gcónaí chun athrú a bhainistiú trí Chomhpháirtíocht.

 

Ba mhaith liom a rá gur mhór agam dúthracht agus tiomantas Bainistíochta agus Foirne na Comhairle agus an obair chrua a rinne na baill tofa agus go sonrach obair an Chathaoirligh, an Comhairleoir Mary-Hilda Cavanagh agus Bobby Aylward an té a chuaigh roimpi sa phost sin as ucht a ndúthracht ar son chur chun cinn an Chontae.

Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach agus le baill de gach ceann de na Coistí Beartais Straitéisigh as ucht an sárobair atá déanta acu i rith na bliana.

Creidim go léifidh pobal Chontae Chill Chainnigh an Tuarascáil Bhliantúil agus go dtabharfaidh sé léargas níos mó dóibh ar an réimse leathan gníomhaíochta atá á thabhairt faoi ag na hÚdaráis Áitiúla.

________________________

Mr. Michael Malone,

Bainisteoir Contae.